3 Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí.
4 Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal.
5 Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo:“Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas;ach d'ullmhaigh tú corp dom.
6 Ní raibh dúil agat in íobairtí uileloiscthe ná sna ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí.
7 Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhiachun do thoil a dhéanamh,’faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”
8 Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n‑ofráltar iad de réir an dlí.
9 Ansin dúirt sé: “Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.” Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d'fhonn an dara ceann a bhunú.