23 Trí chreideamh choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí.
24 Trí chreideamh níor thoil le Maois, nuair a d'fhás sé suas, go dtabharfaí mac iníon Fhorainn air.
25 Óir b'fhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé ná só díomuan an pheaca a bheith aige.
26 Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht.
27 Trí chreideamh d'fhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí.
28 Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael.
29 Trí chreideamh chuaigh clann Iosrael trasna na Mara Rua faoi mar ba thalamh tirim í, ach nuair a thug na hÉigiptigh faoi bádh iad.