30 Trí chreideamh thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith á dtimpeallú ar feadh seacht lá.
31 Trí chreideamh níor maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí.
32 Agus céard eile céard a déarfaidh mé? Níl mo dhóthain ama agam chun cuntas a thabhairt ar Ghideón, ar Bhárác, ar Shamsón, ar Iaftá, ar Dháiví, ar Shamúéil agus ar na fáithe.
33 Trí chreideamh chuir siad ríochtaí faoi smacht, shaothraigh siad an fhíréantacht, fuair siad a raibh geallta dóibh, dhún siad béil leon,
34 mhúch siad tinte craosacha, d'éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d'éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.
35 Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n‑aiséireoidís chun beatha níos fearr.
36 D'fhulaing cuid eile fós maslaí agus sciúrsáil, cuibhreacha agus príosún.