37 Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad á mbuaireamh agus á gcrá de shíor.
38 Rómhaith a bhí siad le fanacht i gcuideachta daoine agus d'imigh siad chun fáin agus chuir siad fúthu i bpluaiseanna agus i bpoill faoin talamh.
39 Ach cé gur tugadh dea-theist ar na daoine seo go léir mar gheall ar a gcreideamh, ní bhfuair siad na maitheasaí a gealladh dóibh.
40 Óir bhí socrú níos fearr ná sin déanta ag Dia ar mhaithe linne. Is amhlaidh nach raibh siadsan le slánú iomlán a fháil ach in éineacht linne.