12 Sin é an fáth ar fhulaing Íosa a pháis lasmuigh den gheata nuair ba mhian leis an pobal a naomhú lena chuid fola féin.
13 Dá bhrí sin, téimis amach as an gcampa chuige agus fulaingímisne an aithis a tugadh dó.
14 Níl cathair bhuanmharthanach againn anseo; is amhlaidh atáimid ag tnúth le cathair atá le teacht.
15 Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.
16 Ná déanaigí dearmad ar an maith a dhéanamh agus bhur gcuid a roinnt. Óir tá an saghas sin íobairtí taitneamhach le Dia.
17 Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.
18 Bígí ag guí ar ár son. Táimid cinnte de go bhfuil coinsias glan againn mar is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.