15 Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.
16 Ná déanaigí dearmad ar an maith a dhéanamh agus bhur gcuid a roinnt. Óir tá an saghas sin íobairtí taitneamhach le Dia.
17 Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.
18 Bígí ag guí ar ár son. Táimid cinnte de go bhfuil coinsias glan againn mar is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.
19 Iarraim d'achainí róspeisialta oraibh é seo a dhéanamh ionas go mba luaithide a sheolfar ar ais chugaibh mé.
20 Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí,
21 go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcrích ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Amen.