6 Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”
7 Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a d'fhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh.
8 Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách.
9 Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.
10 Tá altóir againne nach ceadmhach do lucht freastail an Teampaill ithe di.
11 Is lasmuigh den champa a dhóitear conablaigh na n‑ainmhithe a dtugann an t‑ardsagart a gcuid fola isteach san Áit Rónaofa in éiric an pheaca.
12 Sin é an fáth ar fhulaing Íosa a pháis lasmuigh den gheata nuair ba mhian leis an pobal a naomhú lena chuid fola féin.