2 Má deimhníodh an teachtaireacht sin a fógraíodh trí bhíthin aingeal agus má cuireadh pionós cuí ar gach sárú agus briseadh dá ndearnadh uirthi,
3 conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhmhór sin de shlánú [agus a gealladh dúinn]. Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é.
4 Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola.
5 Ní faoi smacht aingeal a chuir Dia an saol atá le teacht a bhfuilimid ag trácht air.
6 Thug duine éigin dearbhú dúinn air seo áit éigin, á rá: “Cad é an duine go mbeadh cuimhne agat air nó mac an duine go ndéanfá cúram de?
7 Ar feadh tamaillín rinne tú ní b'uaisle ná na haingil é. Chuir tú coróin ghlóire agus onóra air
8 agus chuir tú an uile ní faoina smacht.” Mar sin de, nuair a “chuir sé an uile ní faoina smacht,” níor fhág sé aon ní ann nach raibh faoina smacht. I láthair na huaire seo ní fheicfimid go fóill “go bhfuil gach ní curtha faoina smacht.”