7 shocraigh Dia ar lá eile a bheith ina “lá inniu”, nuair a labhair sé i bhfad níos déanaí trí Dháiví na focail seo atá luaite againn thuas: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí.”
8 Óir dá mba rud é gur thug Iósua suaimhneas dóibh, ní bheadh Dia ag caint faoi lá eile ina dhiaidh sin.
9 Dá bhrí sin, tá suaimhneas sabóideach ag feitheamh le pobal Dé,
10 óir cibé duine a théann isteach in áitreabh suaimhnis Dé stadann sé dá chuid oibre faoi mar a stad Dia dá chuid oibre féin.
11 Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an saghas céanna easumlaíochta.
12 Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
13 Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.