16 Ní dhearnadh sagart de, áfach, de réir rialacha a bhí bunaithe ar ghinealach daonna ach de bharr na cumhachta atá ag beatha dhoscriosta.
17 A fhianaise sin na focail seo a leanas: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”
18 Is é sin le rá, cuireadh na seanrialacha ar ceal toisc iad a bheith gan bhrí gan éifeacht.
19 Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.
20 Ina theannta sin, níor tugadh aon mhionn nuair a rinneadh sagairt de na daoine eile úd.
21 Ach nuair a rinneadh sagart d'Íosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’ ”
22 Mar sin de, sa mhéid nach gan mhionn a rinneadh sagart d'Íosa, is fearr dá réir an conradh a bhfuil sé ina urra air.