18 Is é sin le rá, cuireadh na seanrialacha ar ceal toisc iad a bheith gan bhrí gan éifeacht.
19 Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.
20 Ina theannta sin, níor tugadh aon mhionn nuair a rinneadh sagairt de na daoine eile úd.
21 Ach nuair a rinneadh sagart d'Íosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’ ”
22 Mar sin de, sa mhéid nach gan mhionn a rinneadh sagart d'Íosa, is fearr dá réir an conradh a bhfuil sé ina urra air.
23 Is amhlaidh freisin nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás.
24 Ach is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo.