4 Tugaigí faoi deara anois cé chomh tábhachtach a bhí an fear seo ós rud é gur thug an patrarc Abrahám an deichiú cuid de scoth na creiche dó.
5 De réir an dlí, anois, tá sé de dhualgas ar an gcuid sin de chlann Léiví a ndéantar sagairt díobh deachaithe a ghearradh ar an bpobal, is é sin, ar a mbráithre féin, siúd is gur de shliocht Abrahám iadsan freisin.
6 Ach d'ainneoin nár de shliocht Léiví é ghearr Meilcizidic deachú ar Abrahám agus thug sé a bheannacht fiú d'fhear na ngealltanas.
7 Anois, gan aon amhras ar bith, is ó dhuine is uaisle céim ná é féin a fhaigheann duine beannacht.
8 Ina theannta sin, [i gcás na sagart] is daoine básmhara a fhaigheann na deachaithe; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí.
9 D'fhéadfá a rá chomh maith, is dócha, gur gearradh deachaithe fiú ar Léiví féin, fear tógtha na ndeachúna, trí Abrahám.
10 Óir, bhí Léiví i gcorp a shinsir cheana féin nuair a bhuail Meilcizidic leis.