6 Ach d'ainneoin nár de shliocht Léiví é ghearr Meilcizidic deachú ar Abrahám agus thug sé a bheannacht fiú d'fhear na ngealltanas.
7 Anois, gan aon amhras ar bith, is ó dhuine is uaisle céim ná é féin a fhaigheann duine beannacht.
8 Ina theannta sin, [i gcás na sagart] is daoine básmhara a fhaigheann na deachaithe; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí.
9 D'fhéadfá a rá chomh maith, is dócha, gur gearradh deachaithe fiú ar Léiví féin, fear tógtha na ndeachúna, trí Abrahám.
10 Óir, bhí Léiví i gcorp a shinsir cheana féin nuair a bhuail Meilcizidic leis.
11 Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic.
12 Ar ndóigh, má athraítear an tsagartacht caithfear an dlí a athrú chomh maith.