Matha 1 ABN

Íosa, Mac Dháiví...

1 Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.

2 Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha;

3 ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram;

4 ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón;

5 ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;

6 ghin Iseái Dáiví rí.Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;

7 ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf;

8 ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias;

9 ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias;

10 ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias;

11 ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.

12 Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil;

13 ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór;

14 ghin Azór Sadóc; ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd;

15 ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób;

16 ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.

17 A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.

...a Gabhadh ón Spiorad Naomh,

18 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh.

19 Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal.

20 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.

21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”

22 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

23 “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí macagus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”- ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.

24 Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, agus rinne mar d'ordaigh aingeal an Tiarna dó: 25 a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28