Matha 27 ABN

1 Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d'fhonn é a bhású.

2 Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.

Anbhás Iúdáis

3 Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa d'airgead geal ar ais d'uachtaráin na sagart agus do na seanóirí,

4 ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.”

5 Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.

6 Thóg na hardsagairt na píosaí airgid agus dúirt siad: “Ní dleathach iad do chur i gciste an Teampaill, mar is luach fola iad.”

7 Tar éis dóibh an scéal a phlé, cheannaigh siad leis an airgead Gort an Chriadóra mar reilig do strainséirí.

8 Sin é a d'fhág Gort na Fola mar ainm ar an ngort sin go dtí an lá inniu féin.

9 Ansin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: “Agus thóg siad an tríocha píosa d'airgead geal, luach an duine a measadh - ag cuid de chlann Iosrael a measadh é -

10 agus thug ar Ghort an Chriadóra iad, de réir mar bheartaigh an Tiarna dom.”

Íosa i Láthair Phioláit

11 Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d'fhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.”

12 Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt.

13 Dúirt Pioláit leis ansin: “Nach gcluineann tú a bhfuil d'fhianaise acu á thabhairt i d'aghaidh?”

14 Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir.

15 Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo.

16 Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas.

17 Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” -

18 mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh.

19 Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”

20 Ach d'áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh.

21 Labhair an gobharnóir leo: “Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?” “Barabas!” ar siad.

22 Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!”

23 Dúirt seisean: “Ach cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadadh: “Céastar é!”

24 Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.”

25 D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”

26 Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.

An Choróin Dheilgneach

27 Ansin rug saighdiúirí an ghobharnóra Íosa leo isteach sa phréatóiriam, agus chuir siad tionól ar an gcathlán go léir chuige.

28 Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é:

29 rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!”

30 Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach.

31 Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta.

An Céasadh

32 Sa tslí amach dóibh, casadh fear Cuiréanach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad d'fhiacha air seo a chros a iompar.

33 Agus ar theacht dóibh go dtí áit ar a dtugtar Golgotá - is é sin le rá, Áit an Chloiginn -

34 thug siad le hól dó fíon a raibh domlas tríd, ach ar a bhlaiseadh dó, dhiúltaigh sé a ól.

35 Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn,

36 agus d'fhan siad ina suí ansiúd á ghardáil.

37 Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.”

38 Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.

39 Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann

40 agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”

41 Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís:

42 “Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann.

43 As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ”

44 Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú mar an gcéanna.

Bás Chríost

45 Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair.

46 Agus timpeall an naoú huair, d'éigh Íosa de ghlór ard: “Élí, Élí, lamá sabachtání?” is é sin le rá: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?”

47 Dúirt cuid díobh seo a bhí i láthair, ar a chloisteáil sin dóibh: “Ag glaoch ar Éilias atá sé seo,”

48 agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó.

49 Ach dúirt an chuid eile: “Fan go bhfeicimid an dtiocfaidh Éilias á shaoradh.”

50 Ach gháir Íosa amach arís de ghlór ard agus lig sé uaidh a spiorad.

51 Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha.

52 D'oscail na tuamaí agus d'éirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan:

53 tháinig siad amach as na tuamaí tar éis d'Íosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán.

54 An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”

55 Agus bhí mórán ban ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú, iad siúd a bhí tar éis Íosa a leanúint ón nGailíl chun bheith ag freastal air:

56 Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais agus Iósaef, agus máthair chlann Zeibidé.

Íosa á Adhlacadh: An Tuama á Ghardáil

57 Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Aramatáia darbh ainm Iósaef, agus é féin freisin ina dheisceabal ag Íosa;

58 chuaigh sé seo go dtí Pioláit agus d'iarr corp Íosa air. D'ordaigh Pioláit ansin é a thabhairt dó.

59 Thóg Iósaef an corp, d'fhill i línéadach glan é

60 agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama d'imigh sé leis.

61 Bhí Máire Mhaigdiléana ann agus an Mháire eile, agus iad ina suí os comhair na huaimhe.

62 Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Pioláit

63 agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’

64 Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal á fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: ‘Tá sé éirithe ó mhairbh,’ agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.”

65 Dúirt Pioláit leo: “Bíodh garda agaibh; seo libh, déanaigí daingean í mar is fearr is eolach sibh.”

66 D'imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28