Matha 21 ABN

An Imrím Chaithréimeach

1 Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh

2 ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;

3 scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’ ”

4 Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh:

5 “Abraigí le hiníon Shíón:Féach, tá do rí ag teacht chugat,agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal,ar shearrach beithígh iompair.”

6 D'imigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh:

7 thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu.

8 Agus rinne na daoine, slua an-mhór díobh, a mbrait a leathadh ar an mbóthar, agus bhí cuid eile acu ag baint craobhacha na gcrann le leathadh ar an mbóthar;

9 agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas:“Hósana do Mhac Dháiví!Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!Hósana sna harda.”

10 Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí.

11 Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.”

Íosa sa Teampall

12 Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol.

13 Agus dúirt sé leo: “Tá scríofa: ‘Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa’; ach tá sibhse ag déanamh uaimh robálaithe de.”

14 Tháinig daill chuige freisin agus bacaigh sa Teampall, agus leigheas sé iad.

15 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.

16 Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”

17 D'éalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann.

An Crann Fígí gan Toradh

18 Ag filleadh ar an gcathair a bhí sé go moch ar maidin agus bhí ocras air,

19 agus nuair a chonaic sé crann fígí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: “Nár fhása aon toradh ortsa as seo amach go brách!” Agus shearg an crann fígí ar an mball.

20 Chonaic na deisceabail é agus rinne siad ionadh de: “Cén chaoi,” ar siad, “ar shearg an crann fígí láithreach?”

21 Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan bheith in amhras faoi, ní hé an beart seo amháin an chrann fígí a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige’, déanfar sin.

22 Agus an uile ní a iarrfaidh sibh le barr creidimh sa ghuí, gheobhaidh sibh é.”

Ceist faoi Údarás Chríost

23 Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”

24 Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Agus tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibhse, agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mé daoibh ansin cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.

25 Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’

26 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.”

27 Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Dúirt seisean leo mar an gcéanna: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”

Parabal an Dá Mhac

28 “Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. D'agaill sé duine acu ar dtús: ‘A mhic,’ ar seisean, ‘téighse inniu ag obair san fhíonghort.’

29 D'fhreagair sé é: ‘Tá go maith, a dhuine uasail,’ ar seisean; ach ní dheachaigh.

30 D'agaill sé an dara duine ar an gcuma chéanna, agus b'é a fhreagra seo: ‘Ní dhéanfaidh mé,’ ar seisean; ach ina dhiaidh sin tháinig aiféala air agus chuaigh.

31 Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé.

32 Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t‑aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”

Máistir an Fhíonghoirt agus na Curadóirí Mallaithe

33 “Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíonghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.

34 Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.

35 Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile.

36 Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh ba líonmhaire ná iad siúd, ach ba é an cor céanna a thug siad dóibh sin.

37 Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’

38 Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’

39 agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh é.

40 Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?”

41 Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé drochíde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”

42 Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir:‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir,rinneadh di ceann an chúinne;obair an Tiarna é seoagus is iontach inár súile é’?

43 “Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh.

44 Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”

45 Uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh, nuair a chuala siad a chuid parabal, bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé,

46 agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28