Matha 24 ABN

Na Deisceabail ag Lorg Fáistine

1 Chuaigh Íosa amach as an Teampall ag imeacht roimhe agus tháinig a dheisceabail chuige d'fhonn foirgnimh an Teampaill a thabhairt dá aire.

2 Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.”

3 Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”

4 Agus dúirt Íosa leo á bhfreagairt:“Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh;

Tosach Anacra

5 óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Mise an Críost,’ agus cuirfidh siad mórán daoine amú.

6 Cluinfidh sibh cogaí agus caint ar chogaí; seachnaígí agus ná glacaigí scéin, óir ní foláir an uile ní a theacht chun cinn, ach ní hé an deireadh fós é.

7 Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd.

8 Ní bheidh sa mhéid sin uile ach na harraingeacha tosaigh.

9 Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.

10 Ansin, clisfidh ar mhórán, beidh siad ag fealladh ar a chéile agus ag fuathú a chéile.

11 Éireoidh a lán fáithe bréige agus cuirfidh siad mórán amú.

12 De dheasca an t‑olcas a bheith ag fás, fuarfaidh an grá ag a lán.

13 Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.

14 Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.

Léirscrios Iarúsailéim

15 “Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa - tuigeadh an té a léann -

16 ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte;

17 an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos isteach chun a chuid a bhreith leis,

18 agus an té a bheidh sa ghort, ná filleadh ar ais chun a bhrat a fháil.

19 Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin!

20 Agus bígí ag guí nach in am an gheimhridh a bheidh oraibh teitheadh ná sa tsabóid,

21 mar beidh trioblóid mhór an uair sin ann nach raibh a leithéid riamh ann ó thus an domhain agus nach mbeidh go deo.

22 Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.

23 “Má deir aon duine libh an uair sin: ‘Féach, tá an Críost anseo,’ nó ‘Siúd é,’ ná creidigí é;

24 óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.

25 Tá sé inste agam daoibh roimh ré.

26 Má deirtear libh, mar sin: ‘Siúd san fhásach é!’ ná téigí amach, nó ‘Seo sna seomraí cúil é,’ ná creidigí é.

27 De bhrí ar nós an splanc a éiríonn sa taobh thoir agus a bladhm le feiceáil sa taobh thiar, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

28 Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.

Téarnamh Mhac an Duine

29 “Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.

30 Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.

31 Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.”

Parabal an Chrann Fígí

32 Ach foghlaimígí ón gcrann fígí an parabal seo: Nuair a bhíonn an ghéag go húr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht.

33 Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach.

34 Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn.

35 Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

Ní Foláir Bheith ag Faire

36 “Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin.

37 Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

38 Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc,

39 agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

40 Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine;

41 beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean.

42 Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.

43 “Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb'eol don fhear tí cén t‑am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.

44 Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.

45 Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?

46 Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó.

47 Deirim libh go fírinneach, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é.

48 Agus má deir an drochsheirbhíseach sin ina chroí: ‘Tá mo mháistir ag déanamh moille,’

49 agus go dtosóidh ag bualadh a chomhsheirbhíseach, agus é ag ithe agus ag ól le lucht meisce,

50 tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó,

51 agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na mbréagchráifeach dó. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28