1 Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas.
2 Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir,
3 Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias,
4 Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é.
5 Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;
6 ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael.
7 Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí á fhógairt go bhfuil ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.
8 Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce.
9 Ná cuirigí chugaibh ór ná airgead geal ná airgead rua in bhur gcrios,
10 ná tiachóg chun an bhóthair, ná an dá léine, ná cuaráin ná bata; mar tá an fear oibre i dteideal a choda.
11 “Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil.
12 Beannaígí romhaibh isteach ansin,
13 agus más fiú an teach é tagadh bhur síocháin anuas air; mura fiú, filleadh bhur síocháin oraibh.
14 Duine ar bith nach nglacfaidh sibh agus nach n‑éistfidh le bhur mbriathra, gabhaigí amach as an teach nó as an gcathair sin agus croithigí an deannach de bhur gcosa.
15 Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodom agus Ghomorá lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin.
16 “Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
17 Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh,
18 agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.
19 Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh,
20 mar ní sibhse a bheidh ag caint: is é Spiorad bhur nAthar a bheidh ag caint ionaibh.
21 Tabharfaidh an deartháir a dheartháir féin suas chun báis, agus an t‑athair a pháiste féin; éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí agus básóidh siad iad.
22 Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.
23 Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.
24 “Níl an deisceabal os cionn an mháistir ná an sclábha os cionn a úinéara.
25 Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?
26 Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.
27 An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.
28 “Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
29 Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair.
30 Maidir libhse, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe.
31 Mar sin, ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibhse ná dá liacht na gealbhain!
32 “Duine ar bith a admhóidh mise os comhair daoine, admhóidh mise eisean chomh maith os comhair m'Athar atá ar neamh.
33 Ach duine ar bith a shéanfaidh os comhair daoine mé, séanfaidh mise eisean chomh maith os comhair m'Athar atá ar neamh.
34 “Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh.
35 Óir tháinig mé chun duine a chur bunoscionn lena athair agus an iníon lena máthair agus bean mhic le máthair a céile,
36 agus is iad lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.
37 “An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;
38 agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom.
39 An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.
40 “An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.
41 An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh.
42 “Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”