1 Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige,
2 agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach.
3 Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail.Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.
4 Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas.
5 Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d'eascair sé gan mhoill.
6 Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d'fheoigh sé de cheal fréimhe.
7 Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d'fhás an deilgneach aníos agus phlúch é.
8 Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.
9 A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
10 Tháinig na deisceabail chuige á rá: “Cén fáth ar i bparabail atá tú ag caint leo?”
11 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd.
12 Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.
13 Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint.
14 Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia:‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh,beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
15 óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre,d'éist siad le cluasa bodhránta,d'iaigh siad a súile,d'eagla go mbeadh radharc na súl acu,ná clos na gcluas,ná tuiscint an chroí,agus go n‑iompóidís agus go leigheasfainn iad.’
16 “Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n‑éisteann siad.
17 Deirim libh go fírinneach, b'é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
18 “Sibhse mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra.
19 Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.
20 An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach,
21 ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air.
22 An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.
23 Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”
24 Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.
25 Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d'imigh.
26 Tháinig an t‑arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin.
27 Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’
28 Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaí leis, ‘go rachaimis á bhailiú chun a chéile?’
29 ‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t‑arbhar aníos san am céanna.
30 Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t‑arbhar isteach i mo scioból.’ ”
31 Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort.
32 Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.”
33 D'inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”
34 Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal,
35 agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh:“Labhróidh mé i bparabail,nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.”
36 D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”
37 D'fhreagair sé iad á rá: “An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine.
38 Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal,
39 agus is é an diabhal an namhaid a scaipeann é. Is é deireadh an tsaoil an fómhar agus is iad na haingil na buanaithe.
40 Amhail mar a bhailítear an cogal chun é dhó sa tine, sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil.
41 Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t‑olc,
42 agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
43 Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
44 “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d'aimsigh é d'fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.
45 “Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha.
46 Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d'imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
47 “Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt.
48 Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu.
49 Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin
50 agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
51 “Ar thuig sibh na nithe sin uile?” “Thuigeamar,” ar siad leis.
52 Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
53 Ansin, nuair a bhí deireadh na bparabal sin inste aige, d'fhág Íosa an áit sin;
54 agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: “Cá bhfuair sé seo,” deiridís, “an eagna seo agus na míorúiltí?
55 Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil Muire uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre?
56 A shiúracha freisin, nach bhfuil siad uile inár measc? Cá bhfuair sé na nithe seo uile, mar sin?”
57 Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.”
58 Agus ní dhearna sé mórán míorúiltí ansiúd de dheasca a ndíchreidimh.