12 Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í.
13 Óir, na fáithe uile, agus an dlí freisin, thug siad a dtairngreacht chomh fada le hEoin,
14 agus mura miste libh mé a chreidiúint ann, is é an tÉilias a bhí le teacht é.
15 An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!
16 “Ach cad leis a gcuirfidh mé an ghlúin seo i gcomparáid? Tá sí cosúil leis na leanaí a bhíonn ina suí sna háiteanna margaidh agus iad ag glaoch chun a gcomrádaithe
17 á rá:‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince;rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n‑ucht.’
18 “Mar tháinig Eoin agus ní raibh sé ag ithe ná ag ól, agus deir siad: ‘Tá deamhan ann.’