21 “Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.
22 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Síodón lá an bhreithiúnais ná agaibhse.
23 Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.
24 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodom lá an bhreithiúnais ná agatsa.”
25 San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.
26 Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.
27 Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.