6 Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”
7 Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth?
8 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad.
9 Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh.
10 Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air:‘Féach, cuirim mo theachtaire romhata réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’
11 “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.
12 Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í.