1 San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe.
2 Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide.”
3 Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?
4 Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d'ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin.
5 Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?
6 Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall.