11 Ach dúirt sé leo: “Cén duine agaibh a mbeadh an t‑aon chaora amháin aige agus go dtitfeadh sí i bpoll lá sabóide, nach mbéarfadh sé greim uirthi á tarraingt as?
12 Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.”
13 Ansin dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus rinneadh chomh slán leis an láimh eile arís í.
14 Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.
15 Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,
16 ach thug ordú láidir dóibh gan é chur in iúl;
17 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: