14 Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.
15 Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile,
16 ach thug ordú láidir dóibh gan é chur in iúl;
17 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
18 “Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom,m'aonghrá ar a bhfuil gnaoi m'anama.Cuirfidh mé air mo Spioradagus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.
19 Ní dhéanfaidh sé bruíon ná gáir,ná ní chluinfear a ghlór sna sráideanna.
20 Ní bhrisfidh sé an ghiolcach leontaná ní mhúchfaidh sé buaiceas an deataigh,nó go mbéarfaidh sé an reacht chun bua.