27 Agus más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd a gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.
28 Ach más trí Spiorad Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh cheana.
29 Nó fós, conas a d'fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach.
30 An té nach bhfuil liom tá sé i m'aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.
31 “Mar sin, táim á rá libh go maithfear do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla; ach diamhasla in aghaidh an Spioraid, ní bhfaighfear maithiúnas ann.
32 Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.
33 Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann.