3 Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh?
4 Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d'ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin.
5 Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?
6 Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall.
7 Agus dá mb'eol daoibh a chiall siúd: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt,’ ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht.
8 Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid.
9 D'fhág sé an áit sin agus chuaigh isteach ina sionagóg.