34 A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?
35 Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.
36 Ach deirim libh, gach focal gan bhun dá labhróidh daoine, tabharfaidh siad cuntas ann lá an bhreithiúnais,
37 óir is as do bhriathra a shaorfar thú agus is as do bhriathra a dhaorfar thú.”
38 Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: “B'áil linn, a Mhaistir,” ar siad, “comhartha a fheiceáil uait.”
39 Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh.
40 Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche.