1 San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa,
2 agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”
3 Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.
4 Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í bheith agat.”
5 Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.