31 Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?”
32 Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth.
33 Agus iad seo a bhí sa bhád, d'umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”
34 Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit.
35 Nuair a d'aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn,
36 agus bhí siad á iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus oiread díobh agus a chuir, bhí siad iomlán.