4 Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í bheith agat.”
5 Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.
6 Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród
7 gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d'iarrfadh sí a thabhairt di.
8 Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”
9 Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d'ordaigh sé an aisce a thabhairt di,
10 agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.