1 Tháinig ó Iarúsailéim ansin ag triall ar Íosa Fairisínigh agus scríobhaithe a dúirt:
2 “Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.”
3 “Agus cén fáth,” ar seisean leo á bhfreagairt, “a sáraíonn sibh féin aithne Dé ar son an traidisiúin seo agaibh?
4 Óir dúirt Dia: ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air’;
5 ach is é a deir sibhse: ‘Cibé duine a deir lena athair nó lena mháthair: “Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, táim á choisreacan don Tiarna”;
6 níl cead aige an onóir sin a thabhairt dá athair nó dá mháthair’; agus tá briathar Dé curtha ar neamhní agaibh ar son bhur dtraidisiúin.
7 A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt: