14 Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”
15 Labhair Peadar leis: “Inis dúinn ciall an pharabail úd.”
16 Dúirt Íosa: “Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin?
17 An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é?
18 Ní ionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siadsan neamhghlan an duine.
19 Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.
20 Sin iad na nithe a dhéanann neamhghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamhghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.”