7 A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt:
8 ‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheolaach is fada uaim atá a gcroí:
9 Is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradh,óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’ ”
10 Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo!
11 Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamhghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.”
12 Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?”
13 D'fhreagair sé iad agus dúirt: “Planda ar bith nárbh é m'Athair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamha é.