10 Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?”
11 Ba é freagra a thug Íosa: “Sea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís.
12 Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.”
13 Thuig na deisceabail ansin gur chun Eoin Baiste a bhí sé ina chomhrá leo.
14 Ar fhilleadh chun an tslua dóibh, tháinig fear ina airicis, chuaigh ar a dhá ghlúin
15 agus dúirt: “A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin;
16 agus thugas chun do chuid deisceabal é ach ní fhéadfaidís é leigheas.”