16 agus thugas chun do chuid deisceabal é ach ní fhéadfaidís é leigheas.”
17 D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.”
18 Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t‑ógánach leigheasta ón noiméad sin.
19 Ina dhiaidh sin tháinig na deisceabail ag caint le hÍosa os íseal: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é chaitheamh amach?”
20 Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.
21 (An sórt seo, áfach, ní théann sé amach ach amháin trí ghuí agus trí throscadh.)”
22 Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine,