2 Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.
3 Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis.
4 Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias.”
5 Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
6 Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d'uamhan.
7 Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.”
8 Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin.