20 Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.
21 (An sórt seo, áfach, ní théann sé amach ach amháin trí ghuí agus trí throscadh.)”
22 Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine,
23 go gcuirfidh siad chun báis é agus go n‑éireoidh sé an treas lá.” Agus ghabh buaireamh mór iad.
24 Ar theacht isteach i gCafarnáum dóibh, tháinig lucht bailithe an dá dhrachma ag triall ar Pheadar agus dúirt siad leis: “Nach n‑íocann bhur máistir an dá dhrachma?” ar siad.
25 “Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de á rá leis: “Do bharúilse, a Shiomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin - an óna gclann féin nó ó choimhthígh?”
26 Nuair a dúirt sé gur ó choimhthígh, dúirt Íosa leis: “Dá réir sin, tá an chlann saor.