5 Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
6 Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d'uamhan.
7 Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.”
8 Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin.
9 Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
10 Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?”
11 Ba é freagra a thug Íosa: “Sea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís.