1 “Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt.
2 Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad.
3 Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh
4 agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m'fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’
5 Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna.