12 ‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t‑aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d'fhulaing ualach an lae agus an brothall.’
13 D'fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom?
14 Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit.
15 An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
16 Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”
17 Bhí Íosa ag dul suas go Iarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo:
18 “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tabharfar Mac an Duine ar láimh d'uachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe, agus daorfaidh siad sin chun báis é,