15 An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
16 Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”
17 Bhí Íosa ag dul suas go Iarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo:
18 “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tabharfar Mac an Duine ar láimh d'uachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe, agus daorfaidh siad sin chun báis é,
19 agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus eireoidh sé an treas lá.”
20 Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus d'umhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air.
21 Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agamsa, go n‑ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.”