20 Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus d'umhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air.
21 Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agamsa, go n‑ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.”
22 D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”
23 Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag m'Athair.”
24 Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt dearthár.
25 Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: “Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.
26 Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh,