31 Bhagair an slua orthu bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”
32 Stad Íosa dá shiúl, ghair sé iad agus dúirt: “Cad ab áil libh mé a dhéanamh daoibh?”
33 Dúirt siad leis: “Ár súile a oscailt dúinn, a Thiarna!”
34 Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é.