4 agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m'fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’
5 Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna.
6 Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a d'fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’
7 Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’
8 Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’
9 Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine.
10 Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin.