13 Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
14 Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.”
15 D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,
16 agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.
17 Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?”
18 Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”
19 agus shín siad déanar chuige.