22 Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d'fhág siad é agus d'imigh siad leo.
23 Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna - dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann - agus chuir siad ceist air:
24 “A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’
25 Bhí, inár meascna, seachtar dearthár. Phós an chéad duine acu agus fuair bás gan sliocht, ag fágáil a mhná ag a dheartháir.
26 An dara duine mar an gcéanna agus an tríú duine, go dtí an seachtar,
27 agus b'í an bhean féin is déanaí a fuair bás.
28 San aiséirí, más ea, cé acu den seachtar a mbeidh sí ina bean chéile aige? Óir bhí sí acu uile.”