3 Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht.
4 Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’
5 Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta,
6 agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad.
7 Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.
8 Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: ‘Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é.
9 Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’