31 Ach mar gheall ar aiséirí na marbh, nár léigh sibh a ndúirt Dia libh:
32 ‘Is mise Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib’? Ní hé Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”
33 Ar a chloisteáil sin do na sluaite, ghabh iontas iad faoina theagasc.
34 Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile,
35 agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:
36 “A Mháistir, cén aithne mhór sa dhlí?”
37 Dúirt sé leis: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’ -