37 Dúirt sé leis: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’ -
38 is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne.
39 Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’
40 Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.”
41 Le linn do na Fairisínigh bheith i dteannta a chéile, d'fhiafraigh Íosa díobh:
42 “Cad é bhur mbarúil faoin gCríost? Cé dó ar mac é?” Dúirt siad leis: “Do Dháiví.”
43 Dúirt sé leo: “Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid: